Léifidh Kwaku Fortune tús scéil Nollag Shane Hegarty, “Tá Rud Éigin Sa Seomra Suite”. Is í Máire Ní Chualáin a d’aistrigh an píosa seo.
Údar Éireannach is ea Shane Hegarty. Is ar an aos óg a dhíríonn a chuid leabhar. Aistríodh a shraith shárdhíola Darkmouth go níos mó ná dosaen teangacha. Baineann an tsraith seo le sealgaire arrachtaí. Tá scannán beochana de ar na bacáin.
Léifidh an t-aisteoir Kwaku Fortune, a ghlac páirt sna cláir Normal People agus Asking for It le déanaí, tús scéil Nollag Shane.
Tá Rud Éigin Sa Seomra Suite
“Capaillín! Capaillín! Capaillín! a dúirt mo dheirfiúr beag Eve in ard a gutha. “Capaillíncapaillíncapaillíncapaillín!!”
Maidin lá Nollag a bhí ann. Bhí mise agus Eve inár suí le huair an chloig mar ghur dhúisigh torann muid.
Chaithfeadh sé gurbh é Daidí na Nollag a bhí ann agus é ag tabhairt cuairt orainn. PHLÉASCfadh muid dá mbeadh orainn fanacht soicind amháin eile le fáil amach céard a bhí tugtha chugainn aige.
Rinne muid iarracht mama agus deaide a dhúiseacht.
“’Sé lár na hoíche é,” a dúirt deaide go clamhsánach, agus a éadan báite ina philiúr aige.
“Ní fhéadfadh sé gurb é lár na hoíche é!” a dúirt mé, agus mé ag rith ar ais go dtí an leaba. “Tá Daidí na Nollag tagtha cheana féin. Chuala muid é.”
Rinne mama gnúsacht mhór. Ba chosúil le muc agus le druillire ag an am céanna an ghnúsacht.
“Cé chomh fada is a chaithfidh muid fanacht?” a d’fhiafraigh mé de dheaide.
“…Uair an chloig,” a dúirt deaide go codlatach trína chuid fiacla.
“Uair an chloig!” a bhéic Eve agus rith sí amach as an seomra.
“Ffffftrrrkkkklllpppttt,” a dúirt mama de ghnúsacht, agus í cosúil le babún agus le lacha ag an am céanna.
Rith mé féin agus Eve síos an staighre go dtí an seomra suí. Tá mise mór agus mé in ann dhá chéim a thógáil in éindí. Shleamhnaigh Eve síos na ráillí agus leaindeáil sí de phlimp ar na cótaí geimhridh a bhí ina gcarnán thíos in íochtar.
Ba é solas na gealaí an t-aon solas a bhí sa halla agus é ag scaladh tríd an bhfuinneog a bhí os cionn an dorais tosaigh. Bhí na réaltaí airgid a bhí ar mo phitseámaí ag glioscarnach dá bharr.
Chuala muid glogarnaíl sa seomra suí.
“Capaillín!” a dúirt Eve agus an anáil ag imeacht uaithi.
Bhrúigh sí isteach í féin – agus thosaigh sí ag scréachaíl.
Lean mise í, agus lig mé féin scréach freisin nuair a chonaic mé gach a raibh Eve ag breathnú air.
Bhí rud éigin sa seomra suí.
Lig sé scread.
Ní capaillín a bhí ann…