12 Stories of Christmas
with Fighting Words and Graffiti Theatre Company!

Back to main page:

Louise O’Neill (As Gaeilge)

Léifidh Fionnuala Ní Fhlatharta tús scéil Louise O’Neill, “Ag Sábháil na Nollag”. Máire Ní Chualáin a dhein é a aistriú.

Is údar sárdhíola as Iarthar Chorcaí í Louise O’Neill. Tá cáil uirthi mar údar d’aosaigh óga. Tá go leor duaiseanna buaite aici, Book of the Year 2015 ag The Irish Book Awards ina measc. Bhí an leabhar dá cuid ‘Asking for It’ i measc na ndeich leabhar is mó díol i 2016 agus deineadh dráma de i 2018.

Léifidh an t-aisteoir Fionnuala Ní Fhlatharta tús scéil Louise. Tá Fionnuala ag aisteoireacht ar Ros na Rún ón eagrán píolótach den chlár i 1992.

Ag Sábháil na Nollag

Dhúisigh Lucy go tobann nuair a chuala sí an chéad phléasc. Bhí an seomra dorcha agus bhí sí leath ina codladh; b’fhéidir go ndéarfadh sí léi féin gur ag brionglóidí a bhí sí murach gur tháinig an dara pléasc – í níos láidre an uair seo -agus glór fir chomh maith, “Fuist, a Blitzen, ní ag cur isteach ar Riverdance atá tú.” D’fhan Lucy ina luí mar a bhí sí agus í scanraithe, greim an fhir bháite aici ar an bpluid. Ar cheart di a deirfiúr a bhí ní ba shine ná í a dhúiseacht? Ach ‘sé an chaoi a mbeadh Katie – nó Kate mar a thugann sí uirthi féin ó bhí sí dhá bhliain déag – ag rá le Lucy gur ag samhlú rudaí a bhí sí, gur páiste mór a bhí inti agus gur b’shin an fáth nach raibh Kate ag iarraidh a bheith ina codladh sa seomra céanna léi ní ba mhó. D’fhiafraigh Katie dá máthair an bhféadfadh sí codladh i seanseomra staidéir a hathar; dúirt a máthair go mbeadh sí ag cuimhneamh air. D’iompaigh sí uathu ansin, ach chonaic Kate agus Lucy na deora ina súile. Bhíodh sí ag caoineadh go minic na laethanta seo. Dhúnadh sí doras a seomra codlata agus chasadh sí suas an ceol, ach bhídís in ann í a chloisteáil mar sin féin.

“Seo linn mar sin,” a chuala sí glór an fhir ag rá. Greadadh na gcrúb ar dhíon an tí, cloigíní airgid á mbualadh, agus an chéad rud eile bhí ciúnas ann arís. D’éalaigh Lucy amach as an leaba agus chuaigh sí síos an staighre. Chuala sí geonaíl íseal sheasmhach, agus nuair a d’oscail sí an doras chonaic sí madra beag donn taobh amuigh ag breathnú suas ar an spéir agus é ag caoineachán. Chrom sí síos lena chluasa a chuimilt agus chonaic sí rud éigin ar dhath an airgid thart ar a mhuinéal. Ba lipéad dá ainm a bhí ann agus é cosúil le calóg shneachta. Nutmeg an t-ainm atá orm, a bhí scríofa ar thaobh amháin de. Chas sí thart é agus léigh sí na focla seo amach os ard: “Seol ar ais chuig K. Kringle, F/Ch An Mol Thuaidh le do thoil.”

Please Help

If you like the 12 Stories of Christmas and want to help us to reach more children with creative encounters that spark imaginations and build confidence, please donate to Graffiti.
Every contribution you make enables us to build more opportunities for children and young people to realise their creative potential 

Celebrate Your Creativity!

We hope that young writers all over Ireland – and beyond – will be inspired to create new Christmas stories at school or at home.

You can use the templates here to help you to write all the stories in your imagination!

  • 12 Stories of Christmas Guidelines
  • 12 Stories of Christmas Story Template
  • 12 Stories of Christmas Illustration Template
  • 12 Stories of Christmas Comic Template

12 Stories of Christmas Storybook

We have also collected all the stories in English and Irish in a book you can download and print.