12 Stories of Christmas
with Fighting Words and Graffiti Theatre Company!

Back to main page:

Cecelia Ahern (As Gaeilge)

Léifidh Máirtín Ó Dubhghaill tús scéil Nollag Cecilia Ahern. Áine Ní Ghlinn a dhein é a aistriú.

Is úrscéalaí Éireannach í Cecilia Ahern a bhfuil duaiseanna buaite aici. Tá leabhair dá cuid foilsithe i 50 tír agus tá níos mó ná 25 milliún cóip dá cuid úrscéalta díolta ar fud an domhain. Chomh maith leis sin, dhein Cecilia sraith ghrinn Mheiriceánach darb ainm “Samantha Who?” a chruthú agus a léiriú.

Léifidh an t-aisteoir Máirtín Ó Dubhghaill, a bhíonn ag aisteoireacht ar Ros na Rún faoi láthair, tús scéil Nollag Cecilia.

Scéal Nollag

Oíche Nollag atá ann. Tá slua mór i bPáirc an Fhionnuisce, iad go léir ag béicíl is ag ceiliúradh agus na soilse á lasadh ag an Uachtarán Ó hUigínn ar an gcrann Nollag is airde san Eoraip. Tá an réalta ar bharr an chrainn ag lonrú agus tá tinte ealaíne ag líonadh na spéire. Na dathanna geala ag pléascadh mar a bheadh piñatas, na soilse ag drithliú is ag sileadh anuas mar a bheadh milseáin ag titim ón spéir.

Gach úúúú agus áááá le cloisteáil ón slua agus fad is atá súile gach duine dírithe ar an spéir téimse i mbun oibre.

Déanaim mo bhealach tríd an slua, sparán á phiocadh as póca anseo, ifón as bugaí ansiúd. Ansin, sula mbíonn seans ag aon duine breith orm, ar aghaidh liom ar cosa in airde isteach sa choill.

Cloisim siosarnach sna crainn.

Stopann mo chroí is mé ag ceapadh go bhfuil na Gardaí tar éis teacht suas liom. Níl ann, áfach, ach réinfhia mór fliuchshrónach agus beanna ollmhóra ar a chloigeann.

‘Bhuel?’ arsa mise. ‘Céard tá uaitse?’

Féachann sé ar an bhfón agus ar an sparán atá anois ar an talamh.

‘Coinnigh do shrón mhór fhliuch amach as rudaí nach mbaineann leat,’ a deirim.

Go tobann, cloisim Crais os mo chionn. Féachaim in airde. Tá mála glas veilbhite i bhfostú sna géaga. É ag cur thar maoil le bréagáin.

Ar fheabhas ar fad. Tuilleadh stuif domsa.

Ar bharr an mhála tá liosta. Liosta de na bréagáin ar fad agus ainm agus seoladh le gach ceann.

‘Tá na seirbhísí seachadta ag dul in olcas ó lá go lá.’

Sméideann an réinfhia orm agus déanann sé gnúsacht.

‘Déan dearmad air!’ a deirim. ‘Níl mise chun iad seo a sheachadadh.

Is ag tógáil stuif ó dhaoine a bhímse, ní á thabhairt dóibh.’

Please Help

If you like the 12 Stories of Christmas and want to help us to reach more children with creative encounters that spark imaginations and build confidence, please donate to Graffiti.
Every contribution you make enables us to build more opportunities for children and young people to realise their creative potential 

Celebrate Your Creativity!

We hope that young writers all over Ireland – and beyond – will be inspired to create new Christmas stories at school or at home.

You can use the templates here to help you to write all the stories in your imagination!

  • 12 Stories of Christmas Guidelines
  • 12 Stories of Christmas Story Template
  • 12 Stories of Christmas Illustration Template
  • 12 Stories of Christmas Comic Template

12 Stories of Christmas Storybook

We have also collected all the stories in English and Irish in a book you can download and print.