Léifidh Máire Zepf tús scéil Lisa McGee, “Misean na Nollag”. Marion Ní Shúilleabháin a dhein an scéal seo a aistriú.
Is drámadóir, scríbhneoir scripte, léiritheoir agus cruthaitheoir í Lisa McGee. I measc na léiriúchán teilifíse a raibh Lisa mar chruthaitheoir iontu tá Derry Girls de chuid Channel 4 agus neart eile a bhfuil clú agus cáil orthu, mar shampla The Deceived, Indian Summers, London Irish, agus Raw.
Léifidh Máire Zepf tús scéil Lisa. Is í Máire an chéad Children’s Writing Fellow do Thuaisceart Éireann, 2017-2019. Tá 12 leabhar do leanaí foilsithe aici agus bhuaigh sí an KPMG/CBI Children’s Book of the Year, an gradam Réics Carló, agus White Raven i 2020.
Misean na Nollag
Nuair a dúirt a muintir le Seosamh (naoi mbliana go leith) agus le Seán (sé bliana agus trí cheathrú) go raibh siad ag dul ag cónaí ar Shliabh an Iolair, shíl siad gur ag magadh a bhí siad. Ní raibh ach trí lá eile ann go mbeadh sé ina Nollaig! Ar ndóigh ní raibh duine ar bith ina gcónaí ar Shliabh an Iolair. Bhuel cé is moite de chorr iolar b’fhéidir. Ach ina dhiaidh sin féin, b’iúd ansiúd iad. Sa teach mór millteach seo a raibh foraois thart air – agus gan duine ná deoraí le feiceáil. “B’fhéidir nach gceapfadh sibh gur mórán de bhaile atá anseo anois,” a dúirt a máthair leo agus í ag labhairt go deas réidh. “Ach geallaim daoibh go mbeidh sé an-speisialta,” a dúirt sí. “Hmmm…” a dúirt Seosamh faoina anáil agus bhreathnaigh sé ar a dheartháir. “Ní cheapaim é ar chaoi éigin,” a dúirt sé agus é ag cogarnaíol. “Níl mé an-siúráilte an bhfuil aon mhuinín agam as Mama s’againne, bíodh a fhios agat?” Chroith Seán a chloigeann agus é ag aontú leis. “Chuimhnigh na buachaillí an imní a bhí orthu a tharraingt anuas ag a n-athair, ach dúirt siad leo féin gur cur amú ama a bhí ann. B’í Mama a bhí i gceannas i ndeireadh na dála. Chuir sí ina cloigeann craiceáilte é go gcónóidís ar shliabh a chuirfeadh scéin i nduine ar bith agus ní raibh aon dul as acu anois.
“Níl cuma ná caoi ar an áit seo”, a dúirt Seán agus é ag ligean osna mhór as féin. “Níl aon chairde againn le bheith ag spraoi leo agus níl an Wi-Fi féin againn – tá muid i bhfad ró-ard os cionn talún – tá sé coimhthíoch!” Bhí Seosamh an-tógtha leis sin. “Coimhthíoch” – focal mór a bhí ansin do leaid óg nach raibh ach sé bliana agus trí cheathrú. Bhuel, maith go leor, níorbh é an áit ba mheasa ar fad é. Thaitnigh sé leo a bheith ag rásaíocht lena chéile ar na rothair síos cosán nach raibh deireadh ar bith leis agus ag spaisteoireacht sna pasáistí a bhí i bhfolach agus sna seomraí rúnda, ach bhí rud mór amháin ag tosú ag cur as dóibh. Ba ghearr go mbeadh sé ina Nollaig agus cén chaoi ó thalamh Mhic Dé a bhfaigheadh Santaí tuairisc ar an áit seo? Ní raibh aon litir curtha acu chuig Santaí le rá leis go raibh siad ina gcónaí in áit éigin eile. Ní raibh an t-am ann. Tá an teach seo chomh fada as gach uile áit agus i bhfolach ar an domhan mór agus fiú amháin dá n-úsáidfeadh Santaí a Santaí-nav, siúráilte cinnte ghabhfadh sé amú air. Cén deireadh a bheadh air sin? Ní bheadh aon Santaí ann, ní bheadh aon bhronntanais ann ná an Nollaig féin.
“Á an stopfaidh tú, ní hé sin an chaoi a mbeidh sé ar chor ar bith!” a d’fhogair Seosamh agus é ag labhairt an-ard. “Gabh i leith anois a Sheáin……..bhí mé ag cuimhneamh.” Bhí scéin ina dhearthairín óg – ní rud maith a bhíonn ansin riamh, ach choinnigh Seosamh air ag caint agus é an-mhórálach as féin faoin smaoineamh breá a bhí aige. “Mura bhféadfaidh Santaí muide a fháil – ní bheidh aon dul as againn ach Santaí a chuartú muid féin!” Sheas a dhá shúil i gcloigeann Sheáin “I ndáiríre píre?” Tharraing Seosamh rop ar dhroim a dhearthára “Is ea, go deimhin. Pacáil do chuid málaí a Sheáin…….tá muid ag dul ar thuras spéisiúil ina mbeidh iontais mhóra le feiceáil againn…”