Léifidh Eoin Mac Diarmada tús scéil Nollag John McCarthy, “An smaoineamh MÓR MILLTEACH a bhí ag Greta”. Marion Ní Shúilleabháin a dhein an scéal seo a aistriú.
Is scríbhneoir, aisteoir agus stiúrthóir Éireannach é John McCarthy. Is i gCorcaigh atá sé lonnaithe.
Tá neart rudaí bainte amach aige i gcaitheamh na mblianta. Fuair sé sparántacht drámadóireachta de chuid An Chomhairle Ealaíon. Tá meantóireacht déanta aige ar The Young Playwrights Programme le Fighting Words Cork. Cruthaitheoir In Darkness Vast ba ea é leis. Scríobh sé Stage Irish, a bhuaigh The Writers Guild of Great Britain Playwrights Progress Award 2014. Chomhscríobh sé Hollander, a ainmníodh sa chatagóir Best Production ag The Irish Theatre Awards.
Léifidh an t-aisteoir agus scríbhneoir Eoin Mac Diarmada, a bhfuil cáil air mar charachtar sna cláir Grace Harte, Rásaí na Gaillimhe, Paddywhackery agus Ros na Rún, tús scéil Nollag John.
An smaoineamh MÓR MILLTEACH a bhí ag Greta
Bhí Greta cinnte dearfa go mbeadh an Nollaig uafásach uilig. Bhí sise ag tógáil áit a huncail, Santaí, mar gur bhris sé a chuid cosa agus é amuigh ar a charr sleamhnáin go bhfeicfeadh sé cén siúl a d’fhéadfadh sé a bhaint aisti, agus in áit aird a bheith aige ar a ghnó, céard a bhí sé a dhéanamh ach ag breathnú ar Instagram ar a fón. Bhí Santaithe go leor réitithe acu le háit Santaí a thógáil dá dtiocfadh orthu, ach bhí chuile dhuine amháin acu sin fós ag teacht chucu fhéin ó chonaic siad bean chéile Santaí ag ithe na gcluasa dó.
Ba í Greta mar sin a bhí i gceannas ar gach a raibh le déanamh — ceardlann na mbréagán, na liostaí móra fada agus oiliúint a chur ar na réinfhianna.
Rinne sí a míle dícheall. Chuir sí na deich milliún treoir ag ‘chuile theach beo sa domhan de ghlan mheabhair. Bhí sí sásta féasóg féin a chaitheamh. Ach ní raibh deireadh ar bith leis na drochscéalta: bhí na bréagáin clúdaithe le díghalrán lámh — ba ar éigean a bhí na lucharacháin in ann greim a choinneáil orthu, ní áirim páipéar deas galánta a chur thart orthu; bhí an scaradh sóisialta bailithe sa gcloigeann ag na réinfhianna agus ní sheasfaidís i ngar ná i ngaobhar dá chéile ar ór ná ar airgead agus Greta ag iarraidh iad a oiliúint. Agus dúirt siad léi ansin nach bhféadfadh sí a bheith ag béiceadh ‘Ho! Ho! Ho!’ ar fhaitíos na bhfaitíos go dtarraingneodh sí a masc an iomarca agus go mbrisfeadh sé.
‘Bhuel sin é an buille a mharaigh an mhuic,’ a dúirt sí agus í ag croitheadh a cloiginn. ‘Thar rud ar bith eile, ba é sin an rud ba mhó a raibh mé ag súil leis.’
‘Mo mhíle leithscéal le chuile dhuine amháin agaibh,’ a dúirt sí, agus í ag síneadh a lámh i dtreo an aláraim mhóir dheirg a raibh NOLLAIG AR CEAL scríofa air. ‘Ní fhéadfaidh mé é a dhéanamh.’