As Gaeilge

Bíonn obair Ghaeilge na comhlachta aitheanta agus curtha i gcrích ar chomhchéim le gach cuid eile d’obair an chomhlachata: is cuid lárnach dár gcuid oibre í an obair as Gaeilge.

In Irish

Graffiti’s Irish language work is recognised and produced on an equal level to all of the other work of the company: our Irish language work is a central pillar of our company’s work.

Creideann an chomhlacht go bhfuil sé de cheart ag páistí agus daoine óga le Gaeilge fáil a bheith acu ar ealaín ard-chaighdeánach as Gaeilge. Mar bharr ar sin, creideann an chomhlacht go bhfuil sé mar bhuntaiste agus mar shaibhreas do lucht féachana atá ar bheagán Gaeilge fáil a bheith acu freisin ar ealaín ard-chaighdeánach as Gaeilge.

The company believes that Irish-speaking children and young people have a right to access high quality arts in Irish. In addition, the company believes that it is an advantage and an enriching experience for audiences with little Irish also to access high quality Irish language arts experiences.

Tá Síle Ní Bhroin, Stiúrthóir Comhlach an Chomhlachta, freagrach as obair Ghaeilge Graffiti, i gcomhpháirtíocht leis an Stiúrthóir Ealáine agus an fhoireann ar fad.

Síle Ní Bhroin, Associate Director of the Company, is responsible for Graffiti’s Irish language work, in partnership with the Artistic Director and the whole team.

Tá an Ghaeilge fite fuaite tríd obair an chomhlachta ar fad le fiche bliain anuas – léirithe as Gaeilge agus dátheangach, ceardlanna as Gaeilge, scríbhneoireacht chruthaitheach (Fighting Words as Gaeilge, Clár na nDrámadóirí Óga) agus ábhair thacaíochta.

The company’s Irish language work is woven through all aspects of our activities for the past twenty years – Irish language and bilingual productions, Irish language workshops, Creative Writing through Irish (Fighting Words and Young Playwrights) and support materials.

Fáiltíonn muid i gcónaí roimh comhfhreagras i nGaeilge agus roimh ghnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge le daoine agus le heagrais eile. Beidh an Ghaeilge feiceálach ar ardáin éagsúla an chomhlachta ar na meáin shóisialta.

We welcome correspondence through Irish and working through Irish with other organisations and individuals. Irish is visible on the company’s various platforms and social media.

Déantar gach ábhar bolscaireachta agus preasráitis a bhaineann leis an obair as Gaeilge a chlóbhualadh agus a éisiúint go dátheangach. Tugtar tús áite do na meáin Ghaeilge i dtaca le poiblíocht a dhéanamh ar ár gcuid léirithe Gaeilge.

Publicity materials relating to the Irish language work will be printed bilingually. Irish language media are prioritised when publicising our Irish language or bilingual productions.

Déantar iarracht deiseanna nua a aimsiú a thabharfaidh spás don obair Ghaeilge fás agus forbairt sa chomhlacht agus os comhair an phobail.

The company is committed to seeking new opportunities to expand and develop the Irish language work of the company.