12 Stories of Christmas
with Fighting Words and Graffiti Theatre Company!

Back to main page:

Sheila O’Flanagan (As Gaeilge)

Léifidh Áine Ní Ghlinn tús scéil Nollag Sheila O’Flanagan, “Nollaig Fíor-Ghnóthach”. Máire Zepf a d’aistrigh an scéal seo.

Is údar ficsin agus iriseoir í Sheila O’Flanagan. Tá níos mó ná 25 leabhar dá cuid foilsithe in Éirinn agus thar sáile. Bronnadh an gradam Irish Popular Book of the Year uirthi i 2011. Tá dhá leabhar do leanaí foilsithe aici leis.

Léifidh Áine Ní Ghlinn, Laureate na nÓg 2020-2022, tús scéil Nollag Sheila. Is iriseoir dátheangach, scríbhneoir do leanaí, drámadóir agus file í Áine. Múineann sí an scríbhneoireacht chruthaitheach do leanaí is do dhaoine fásta araon. Déanann sí ceardlanna Gaeilge agus litríochta do mhúinteoirí a éascú. Tá go leor duaiseanna scríbhneoireachta agus Gaeilge buaite aici, mar shampla The Patrick Kavanagh Fellowship don fhilíocht i 2019.

Nollaig Fíor-Ghnóthach

Chuir Daidí na Nollag air an masc ab’fhearr leis. Masc dearg a bhí ann, le réaltaí ar dhath an óir agus an airgid. Bhí air bheith mór go leor chun feasóg ollmhór Dhaidí na Nollag a chlúdach. D’fhéach sé air féin sa scathán.

‘Difriúil,’ arsa seisean os ard, ‘ach fós go maith.‘

Thóg sé a mhaide milis dearg agus bán agus shiúil sé trasna an ghairdín, a bhí clúdaithe le sneachta, go dtí an cheardlann. Chnag sé ar an doras lena mhaide.
D’oscail a Phríomh-Lucharachán é. Bhí sé gléasta i gculaith ghlas agus bhí hata biorach glas air. Bhí masc glas air chomh maith.

‘Dia duit, a Phríomh-Lucharachán,’ arsa Daidí na Nollag.

‘Dia is Muire duit, a Dhaidí na Nollag,’ arsa an Príomh-Lucharachán.

Shiúil Daidí na Nollag isteach sa cheardlann. Bhí sé gnóthach mar ba ghnáth. Bhí na lucharacháin ar fad ina seasamh ag a gcuid binsí oibre. Anuraidh bhí binse fada amháin acu a líon an cheardlann iomlán. I mbliana, bhí a bhinse féin ag gach lucharachán.

‘An bhfuil muid in am de réir an sceidil?’ arsa Daidí na Nollag.

‘Tá muid beagán ar gcúl’ a d’admhaigh an Príomh-Lucharachán.

‘Ná habair!’ D’éirigh aghaidh Daidí na Nollag dearg. Bhí sé chóir a bheith chomh dearg céanna lena chulaith. 
‘Tá liosta na bpáistí maithe an-fhada i mbliana’ a mhínigh an Príomh-Lucharachán. Agus tá an liosta dána an-ghearr.’

‘Cad faoin gCúpla Uafásach?’ arsa Daidí na Nollag. ‘Cé acu liosta ar a bhfuil siadsan?’

Please Help

If you like the 12 Stories of Christmas and want to help us to reach more children with creative encounters that spark imaginations and build confidence, please donate to Graffiti.
Every contribution you make enables us to build more opportunities for children and young people to realise their creative potential 

Celebrate Your Creativity!

We hope that young writers all over Ireland – and beyond – will be inspired to create new Christmas stories at school or at home.

You can use the templates here to help you to write all the stories in your imagination!

  • 12 Stories of Christmas Guidelines
  • 12 Stories of Christmas Story Template
  • 12 Stories of Christmas Illustration Template
  • 12 Stories of Christmas Comic Template

12 Stories of Christmas Storybook

We have also collected all the stories in English and Irish in a book you can download and print.