Léifidh an t-aisteoir Fionnuala Ní Fhlatharta tús scéil Mháire Zepf, “An Bronntanas Mistéireach”.
Is í Máire Zepf an chéad Children’s Writing Fellow do Thuaisceart Éireann, 2017-2019. Tá 12 leabhar do leanaí foilsithe aici agus bhuaigh sí an KPMG/CBI Children’s Book of the Year, an gradam Réics Carló, agus White Raven i 2020.
Léifidh an t-aisteoir Fionnuala Ní Fhlatharta tús scéil Mháire. Tá Fionnuala ag aisteoireacht ar Ros na Rún ón eagrán píolótach den chlár i 1992.
An Bronntanas Mistéireach
Bhí an crann maisithe, na soilse ag splancarnach go daite. Bhí stocaí na Nollag crochta thar an tinteán, réidh do chuairt Dhaidí na Nollag. Gan ann anois ach trí oíche roimh an Nollaig, bhí oiread sceitimíní i mbolg Lorcáin gur shíl sé go raibh sé chun pléascadh.
Nuair a bhí Mamaí agus Daidí gnóthach, shleamhnaigh sé isteach go ciúin sa seomra suí leis féin agus thóg sé na bronntanais faoin chrann ina lámha. Rinne sé croith-croith-croith orthu go cúramach chun tomhas cadé a bhí iontu.
An bosca lonrach dearg, cárta ó Mhamó, gliogarnach taobh istigh? Lego, b’fhéidir? An beart ar chruth ‘L‘, clúdaithe go holc, ó aintín Róise. An scútar é?
Ach nuair a chuir sé a lámh ar an bhronntanas réaltógach ar chlé ar chúl an chrainn Nollag, thosaigh an beart ag creathadh. Léim Lorcán siar ón chrann, a lámh ar a bhéal le sceon. Bhí an crann ar fad ag creathadh anois – na soilse, na maisiúcháin, an réalt ar a bharr.
‘Míc – Bíc – Búp…’ arsa an beart. Bhí sé ag creathadh anois cosúil le hinneal níocháin.
‘Bící – Búcaí – Múp!’ a dúirt sé, go hard.
‘MÚCAÍ-BÚMPAÍ – BÍC!!’ a tháinig ón bhronntanas agus ansin PLAB! – d’oscail an bosca.