Déan ceiliúradh ar Dhá Scéal Déag na Nollag le Fighting Words agus le Graffiti Theatre Company!

An Nollaig seo, ba mhaith le Fighting Words agus le Graffiti Theatre Company cuireadh a thabhairt do scríbhneoirí óga idir 6 agus 12 bliain d’aois a scéal Nollag féin a scríobh! Tá sé níos tábhachtaí i mbliana ná bhí sé riamh spiorad na féile a chothú, mar sin cuir do shamhlaíocht ag obair agus cum scéal nua.

Cum Scéal Nollag le Cabhair ónar gCairde

D’iarr muid ar ár gcairde tús a chur leis na scéalta ionas go mbeadh cabhair agaibhse agus sibh ag tosú – cliceáil ar na naisc thíos le breathnú ar thús na scéalta agus beidh tú féin in ann críoch a chur leo.

Tá dhá scéal déag ann ar fad- cliceáil ar na naisc le héisteacht leis na húdair agus na haisteoirí as chuile chearn den tír as Béarla agus as Gaeilge!

Roinn do chuid scéalta linn ar na Meáin Shóisialta!

Tá Fighting Words agus Graffiti Theatre Company ag roinnt na scéalta seo libh le go mbeidh sibh in ann scéalta nua a chruthú agus ansin iad a roinnt le bhur dteaghlaigh, bhur gcairde agus na páistí i do rang.

Ta tú in ann do chuid scéalta a roinnt linn ar dhá bhealach-

  • Croch fógra ar na meáin shóisialta atá againne: Cuir ceist ar thuismitheoir nó ar chaomhnóir do scéal a roinnt ar mheáin shóisialta Fighting Words agus Graffiti. Ta siad le fáil ar Facebook, Twitter agus Instagram.
  • Croch fógra ar na meáin shóisialta atá ag do thuismitheoirí/chaomhnóirí: Cuir ceist ar do thuismitheoirí/chaomhnóirí do scéal a uaslódáil ag baint úsáide as #12StoriesofChristmasIreland agus #ScéaltanaNollag. Déan cinnte go ndéanann tú tagairt do Fighting Words agus Graffiti Theatre Company le go mbeimid in ann do chuid oibre a fheiceáil agus a roinnt!

Is é do rogha féin atá ann é seo a dhéanamh. Ní sé riachtanach.

Toiliú – Bí aireach, a Thuismitheoirí agus a Chaomhnóirí

Nuair a chrochann tú scéal ar son do pháiste ar do chuid meáin shóisialta féin NÓ ar chúntais mheáin shóisialta chomhpháirtithe an tionscnaimh seo, deimhníonn tuismitheoirí/caomhnóirí gurb iadsan tuismitheoirí/caomhnóirí an údair a chuireann isteach scéal chuig “Dhá Scéal Déag na Nollag.”

Forchoimeádann Fighting Words, Graffiti Theatre Company agus comhpháirtithe an tionscnaimh an ceart fáil réidh le hábhar ar fad nó gan ábhar a fhoilsiú, sa gcás go sáraítear Beartas Comhdheiseanna agus/nó Beartas Cosanta do Leanaí agus Aosaigh Leochaileacha Fighting Words. Tá an dá bheartas sin le fáil ar www.fightingwords.ie.

Déan ceiliúradh ar do chuid Cruthaitheachta!

Tá súil againn go bhfaighidh scríbhneoirí óga ar fud na hÉireann – agus níos faide ó bhaile – inspioráid chun scéalta nua Nollag a scríobh ar scoil nó sa bhaile.

Féadfaidh tú na teimpléid seo a úsáid chun cabhrú leat na scéalta ar fad atá i do shamhlaíocht a chur ar pháipéar!!!

  • Dhá Scéal Déag na Nollag – Treoirlínte
  • Dhá Scéal Déag na Nollag – Teimpléad Scéil
  • Dhá Scéal Déag na Nollag – Teimpléad do léaráid
  • Dhá Scéal Déag na Nollag – Teimpléad do ghreannán

Leabhar le Scéalta na Nollag

Táimid tar éis na scéalta ar fad a chur le chéile anseo i bhfoirm leabhair a bheidh tú in ann a íoslódáil agus a phriontáil.

Téarmaí agus Coinníollacha

Tá cúpla rud le tabhairt san áireamh má theastaíonn uait do scéal a roinnt ar mheáin shóisialta Fighting Words agus Graffiti…

  • Tá na scéalta le bheith roinnte idir Dé Céadaoin, 25 Samhain ag a 12in agus Dé hAoine, 18 Nollaig ag a 5in
  • Bí cinnte ainm agus aois an údair a lua, mar aon le hainm an chontae ina bhfuil siad ina gcónaí ann
  • Uasmhéid focal: 200 focal
  • Is féidir leis na scéalta a bheith i nGaeilge nó i mBéarla
  • Ní mór do na húdair a bheith idir 6-12 bliain d’aois
  • Cuimhnigh nach mbeidh Fighting Words ná Graffiti Theatre Company in ann aiseolas a thabhairt d’údair aonaracha
  • Is deis atá anseo le bheith spraíúil agus cruthaitheach ag teacht suas go Nollaig. Ní comórtas atá ann agus ní dhéanfar aon bhreithiúnas ar na scéalta.
  • Bí cinnte go bhfuil an t-ábhar atá sna scéalta a roinnfear le Fighting Words agus le Graffiti Theatre Company feiliúnach do pháistí.
  • Tá an t-eolas ar fad a bhaineann leis an gcaoi gur féidir páirt a ghlacadh sa tionscnamh seo mar chuid de na téarmaí agus de na coinníollacha. Má ghlactar páirt, tá sé ar cheann de na coinníollacha go nglacfar leis na rialacha agus go dtuigeann tuismitheoir/caomhnóir an pháiste go gcaithfear na rialacha seo a leanúint.
  • Is iad Graffiti Theatre Company, Bóthar na Deastógála, An Linn Dubh, Corcaigh, T23 FDT4 agus Fighting Words, Cearnóg Uí Bheacháin, 12-16 Sráid Ruiséil, Baile Átha Cliath 1 D01 WD53 tionscnóirí an chláir seo.
  • Ní ghlacann Graffiti Theatre Company ná Fighting Words aon fhreagracht d’aon damáiste, aon chaillteanas, aon dliteanais, aon ghortú ná aon díomá a thabhaítear nó a fhulaingítear agus obair chruthaitheach á roinnt.
  • Ní bheidh aon dliteanas ar Graffiti Theatre Company, ar Fighting Words ná ar thríú páirtithe dá gcuid a n-oibleagáidí maidir leis an tionscnamh seo a chomhlíonadh sa chás gur ní éigin lasmuigh dá smacht réasúnach is cúis leis an mainneachtain.
  • Beidh Téarmaí agus Coinníollacha ‘Dhá Scéal Déag na Nollag’ faoi réir dhlí na hÉireann agus géilleann iontrálaithe do dhlínse eisiach Chúirteanna de chuid na hÉireann.

Want to help?

If you liked the 12 Stories of Christmas and want to help us to reach more children with creative encounters that spark imaginations and build confidence, please donate to Graffiti – click here.

Every contribution you make enables us to build more opportunities for children and young people to realise their creative potential