12 Stories of Christmas
with Fighting Words and Graffiti Theatre Company!

Back to main page:

Roddy Doyle (As Gaeilge)

Léifidh Eoin Mac Diarmada tús scéil Nollag Roddy Doyle. Áine Ní Ghlinn a d’aistrigh é.

Comhbhunaitheoir Fighting Words is ea Roddy Doyle, úrscéalaí, drámadóir agus scríbheoir scripte a bhfuil neart duaiseanna buaite aige agus clú agus cáil ar fud an domhain air. I measc na n-úrscéalta do leanaí atá scríofa aige tá an tsraith Rover Adventures, Wilderness (2007), Her Mother’s Face (2008), agus A Greyhound of a Girl (2011).

Léifidh an t-aisteoir agus scríbhneoir Eoin Mac Diarmada, a bhfuil cáil air mar charachtar sna cláir Grace Harte, Rásaí na Gaillimhe, Paddywhackery agus Ros na Rún, tús scéil Nollag Roddy.

Scéal Nollag

Cúpla ab ea Tomás agus Lile.

Ach ní haon scéal mór é sin.

Bhí siad beirt sa chúlghairdín. Ní haon scéal mór é sin ach an oiread ach beidh sé ina scéal mór i gceann nóiméid.

Bhí siad sa chúlghairdín mar nach raibh aon spás fágtha sa teach.

Ag tús na dianghlasála rinne athair na bpáistí císte. B’é sin an chéad uair riamh do Dhaid císte a dhéanamh agus bhí sé an-bhlasta mar chíste.

Bhí rudaí aisteacha de gach sórt ar bharr an chíste agus rudaí aisteacha de gach sórt istigh ann.

Bhí Tomás agus Lile agus a máthair an-tógtha leis. Chomh tógtha sin leis gur bhácáil Daid císte eile. Agus ceann eile a bhí níos mó. Agus ceann eile. Agus ceann eile fós.

D’éirigh Tomás agus Lile tuirseach de na cístí. Lean Daid ar aghaidh ag bácáil, áfach. Lean sé ar aghaidh ag ithe freisin. Ní raibh sé in ann stopadh.

Thosaigh Daid ag fás. Agus ag fás. Ní raibh a máthair feicthe ag na páistí le cúpla seachtain. Bhí sí taobh thiar de Dhaid áit éigin. Chroch sí lámh ar an gcúpla thar ghualainn Dhaid.

‘Haigh, a pháistí!’

Pé scéal é, bhí Tomás agus Lile sa ghairdín.

Tá an chuid is spéisiúla den scéal ag teacht anois.

Sheas Lile ar lucharachán.

‘Seachain tú féin!’ arsa an lucharachán.

D’fhéach Tomás agus Lile síos.

D’fhéach an lucharachán aníos.

‘An mbíonn tusa ag obair le Daidí na Nollag?’ arsa Tomás.

‘Bíonn cinnte,’ arsa an lucharachán. ‘Tá Daidí na Nollag ag iarraidh cabhrú le bhur n-athair. Ach caithfidh an bheirt agaibhse cabhrú leis.’

Please Help

If you like the 12 Stories of Christmas and want to help us to reach more children with creative encounters that spark imaginations and build confidence, please donate to Graffiti.
Every contribution you make enables us to build more opportunities for children and young people to realise their creative potential 

Celebrate Your Creativity!

We hope that young writers all over Ireland – and beyond – will be inspired to create new Christmas stories at school or at home.

You can use the templates here to help you to write all the stories in your imagination!

  • 12 Stories of Christmas Guidelines
  • 12 Stories of Christmas Story Template
  • 12 Stories of Christmas Illustration Template
  • 12 Stories of Christmas Comic Template

12 Stories of Christmas Storybook

We have also collected all the stories in English and Irish in a book you can download and print.