Léifidh Máirtín Ó Dubhghaill tús scéil Áine Uí Ghlinn, “Scéal Nollag”.
Is í Áine Ní Ghlinn Laureate na nÓg 2020-2022. Is iriseoir dátheangach, scríbhneoir do leanaí, drámadóir agus file í. Múineann sí an scríbhneoireacht chruthaitheach do leanaí is do dhaoine fásta araon. Déanann sí ceardlanna Gaeilge agus litríochta do mhúinteoirí a éascú. Tá go leor duaiseanna scríbhneoireachta agus Gaeilge buaite aici, mar shampla The Patrick Kavanagh Fellowship don fhilíocht i 2019.
Léifidh Máirtín Ó Dubhghaill, a bhíonn ag aisteoireacht ar Ros na Rún, tús scéil Áine.
Scéal Nollag
Cá raibh sé?
Bhí sé ann aréir agus muid ag teacht isteach ón gclós.
Nár chaitheamar dhá uair a chloig á dhéanamh.
Liathróid mhór sneachta don chorp. Liathróid eile in airde ar an gceann sin mar chloigeann.
Cairéad ón gcistin dá shrón. Clocha beaga bídeacha ón ngairdín cúil dá bhéal. Seanhata air a thug Daideo dúinn. Scaif de mo chuid féin thart timpeall ar a mhuineál.
Nár ghlacamar pictiúir. Mise agus mo dheartháir taobh leis agus gáire clochach air siúd.
Nár chuir mo Mhamaí na pictiúir ar na meáin shóisialta le go bhfeicfeadh m’aintíní iad.
‘A Mhamaí,’ arsa mise. ‘Tar anseo. Tá sé imithe.’
‘Céard atá imithe?’
‘An fear sneachta a rinneamar inné. Níl sé le feiceáil áit ar bith.’
‘Tá tú ag magadh fúm,’ arsa mo Mhamaí. ‘Ní fhéadfadh sé a bheith leáite chomh tapa sin.’
‘Níl sé leáite. Féach amach an fhuinneog. Tá sé imithe.’
D’fhéachamar beirt amach an fhuinneog. Ansin d’osclaíomar an doras. Bhí gach áit fós faoi bhrat bán sneachta ach ní raibh tásc ná tuairisc ar an bhfear sneachta.
Ba ansin a chonaiceamar na loirg coise sa sneachta. Loirg mhóra, bhána. Bá léir nár bhain siad le duine ná le hainmhí ar bith. Thosaíomar á leanúint…