Léifidh Eoin Mac Diarmada tús scéil Stephen James Smith, “Samhlaigh na Seansanna”. Marion Ní Shúilleabháin a dhein an scéal seo a aistriú.
Is file agus drámadóir as Baile Átha Cliath é Stephen James Smith. Bhí sé lárnach i bhfás na filíochta ó bhéal in Éirinn. Go dtí seo, tá níos mó ná trí mhilliún duine tar éis féachaint ar a chuid físeán filíochta ar líne. Tá ceardlanna filíochta i meánscoileanna agus i ngrúpaí pobail ar fud na hÉireann á stiúradh aige le tamall de bhlianta anuas. Tá go leor coimisiún fachta aige chun tabhairt faoi fhíseáin fhilíochta, mar shampla ó Listowel Writers’ Week, Creative Ireland agus The London Irish Centre gach ach roinnt bheag a lua.
Léifidh an t-aisteoir agus scríbhneoir Eoin Mac Diarmada, a bhfuil cáil air mar charachtar sna cláir Grace Harte, Rásaí na Gaillimhe, Paddywhackery agus Ros na Rún, tús scéil Stephen.
Samhlaigh na Seansanna
Seansanna, sin iad a thugann ardú croí dom agus bíonn seansanna ann i gcónaí. Cuir i gcás inniu, b’fhéidir nach bhfuil ann ach lá eile, ach tá draíocht ag tarlú anois díreach. Tá sé ag sneachta in áit éigint sa domhan, tá an ghrian ag dul timpeall orainn ar chaoi éigint, tá duine éigint ag gabháil fhoinn in áit éigint agus nach spraoi uilig atá ansin de shórt éigint. Draíocht atá sa méid sin uilig agus tugann sé dóchas dúinn agus cuimhníonn muid ar na seansanna a d’fhéadfadh a bheith amach romhainn.
Inseoidh mé daoibh fúm fhéin mar sin agus faoi na cuimhní cinn a chruthóidh muid an Nollaig seo. Tosóidh sé le cineáltas agus críochnóidh sé le háthas. Beidh crainnte Nollag ann agus aingeal ar a mbarr, amhránaithe a déarfaidh carúil, dream nach bhfaighfeá ní b’fhearr, ciseáin Nollag lán le brioscaí agus geansaithe Nollag atá orainn anois rófháiscthe!
Gheobhaidh sibh boladh agus cloisfidh sibh fuaimeanna an séasúr seo nach bhfuil cosúil le séasúr ar bith eile, gabh i leith go n-inseoidh mé dhaoibh fúthu. Labhróidh mé libh freisin faoi mo mhuintir, faoi mo chairde, faoi mo pheataí agus faoi na bronntanais uilig atá súil againn a fháil. Ach má tá muid le rud a fháil, caithfidh muid rud a thabhairt uainn freisin ar a shon agus sin é a thugann cúnamh dúinn maireachtáil i saol níos fearr. Inseoidh mé daoibh mar sin, cé dó ar mhaith liom cúnamh a thabhairt. Sin í an bhrí cheart atá leis an Nollaig!
Tá an oiread ar mhaith liom a insint daoibh, agus sé’n t-aon rud a fhéadfaidh mé a stopadh anois ná mo chuid samhlaíochta féin. Teannadh uaibh mar sin agus samhlóidh muid na seansanna a d’fhéadfadh a bheith amach romhainn. Tosóidh muid ag cuimhneamh faoi na bealaí nua a d’fhéadfadh muid an bhliain seo a cheiliúradh.
Seo cuid de na rudaí a ardaíonn mo chroí, anois tá sé suas agaibhse, a chairde, buailigí faoi…