Léifidh Muireann Ní Raghallaigh tús scéil Nollag Eoin Colfer, “An Mór-ghanntanas Gealáin”. Máire Zepf a d’aistrigh an píosa seo.
Is údar Éireannach é Eoin Colfer. Is le leabhair do leanaí a bhíonn sé ag plé. Is é Artemis Fowl, sraith úrscéalta sárdhíola domhanda a ainmníodh mar an Puffin Classic is fearr leis an bpobal riamh, an saothar is cáiliúla aige. Aistríodh an tsraith chéanna go 40 teanga go dtí seo, agus tá 25 milliún cóip de leabhair de chuid na sraithe seo díolta.
Is í Muireann Ní Raghallaigh a léifidh scéal Eoin do 12 Scéal na Nollag. Is aisteoir Éireannach í Muireann a bhíonn le feiscint ar an stáitse agus an scáileán. Bíonn sí ag obair trí mheán na Gaeilge agus an Bhéarla. Bíonn sí ag aisteoireacht ar Ros na Rún, sraith Ghaeilge ar TG4.
An Mór-ghanntanas Gealáin.
Ní míorúilt ar chor ar bith é an rud ar a dtugtar Míorúilt na Nollag, ach cothromóid chruinn mhatamaitice nach dtuigfidh an chuid is mó de na daoine ar feadh na nglúnta, ach a bhfuil ar eolas cheana féin ag na lucharacháin, ar ndóigh. Tá meicnic chandamach i gceist sa chothromóid seo, agus tá sí chomh casta sin nach n-aithníonn gnáthdhaoine ceann de na gnéithe inti mar ábhar ceart ar féidir a thomhas fiú. Seo a leanas an chothromóid:
Fad = Creideamh x Luas x Am. (Tá fad cothrom le Creideamh méadaithe fá Luas méadaithe fá Am)
Is í an athróg is mó sa chothromóid seo ná creideamh agus tá a chomthromóid féin ag an ngné seo atá i bhfad rófhada agus róchasta le dul sa leabhar seo.
Curtha go simplí: Dá mhéad daoine a chreideann go dtiocfaidh Daidí na Nollag ar cuairt chucu Oíche Nollag, is ea is mó daoine ar féidir leis cuairt a thabhairt orthu. Tomhaistear luas i mílte, tomhaistear am i nóiméid agus tabharfaidh muid ‘gealán’ ar aonad tomhais an chreidimh, ainmnithe i ndiaidh an tOllamh Seosaimhín Ní Ghealáin (Josie dá cairde, JoJo dá tuismitheoirí) ó Choláiste na Trionóide, Baile Átha Cliath, a d’aimsigh an t-aonad le micreascóp candamach, dhá bhanda leaisteach agus tiúb gliú gealra. Agus cé gur dul chun cinn suntasach eolaíoch a bhí sa méid a fuair an tOllamh Uí Ghealáin amach, níor chreid oiread is duine amháin í agus rinneadh ceap magaidh di i measc an phobail eolaíochta. Scaoileadh Josie óna post agus rinneadh magadh dá hainm. Nuair a mhaígh eolaí rud a bhí thar fóir nó deacair a chreidiúnt, dúradh go raibh ‘droch-chás de na Gealáin’ tagtha orthu.
An rud a d’oibrigh Seosaimhín Ní Ghealáin amach go cruinn ná go raibh ar a laghad 2.5 gealán an páiste ag teastáil chun boilgeog ama a chruthú thart ar Dhaidí na Nollag agus a chuid réinfhia, chun go mbeadh sé in ann cuairt a thabhairt ar gach páiste ar domhan in aon oíche amháin. Ach, is é Daidí na Nollag féin an déantóir gealán is mó, atá freagrach as breis is tríocha faoin gcéad de chreideamh an domhain, agus gan a sciarsa níl a dhóthain creidimh ann ar an bpláinéad chun carr sleamhnáin a ardú ón oighear, mar is é Daidí na Nollag laoch na féile, nó sin mar a bhíodh ar scor ar bith. Sular chaill se a chuid gealáin.
Trí lá roimh an Nollaig, bhí na réinfhia ag amaidí in aice le humar storáis gealán an Mhol Thuaidh nuair a chuir Dancer poll sa chásáil práis lena chuid adharca. Stealladh an fíor-dlúthán leactach gealáin ar fud an oighir. Bhí seo thar barr do na héisc faoin oighear a d’aithin go tobann go raibh siad in ann eitilt, ach bhí sé tubaisteach do Dhaidí na Nollag agus dá sceideal seachadta, mar gur cailleadh beagnach soláthar bliana san Aigéan Artach.
Bhí a fhios ag Daidí na Nollag nach raibh ann ach duine amháin arbh fhéidir comhairle a thabhairt dó: an t-eolaí náirithe Éireannach: An tOllamh Seosaimhín Ní Ghealáin.