FÓGRA: Clár na nDrámadóirí Óga á chur i láthair ag Graffiti, The Everyman agus Fighting Words

Oct 7, 2021

CALLOUT: Young  playwrights workshop programme presented by GRAFFITI, The Everyman and Fighting Words

  • An duine óg tú atá idir 16-22 bl., a bhfuil dúil agat sa scríbhneoireacht? Nó an bhfuil aithne agat ar dhuine óg mar sin?
  • An bhfuil cara agat atá ag iarraidh dul níos faide lena c(h)uid scríbhneoireachta?
  • Ar mhaith leat do chuid scríbhneoireachtaa fheiceáil á cur i láthair ar stáitse The Everyman, le haisteoirí proifisiúnta?

Tá sceitimíní ar Graffiti, The Everyman agus Fighting Words comhoibriú in éineacht le scríbhneoirí aitheanta Enda Walsh, Katie Holly agus John McCarthy ar an gClár seo do dhrámadóirí óga (16-22 bl.) ar spéis leo dul chun cinn a dhéanamh lena gcuid scríbhneoireachta thar tréimhse 6 mhí.

Ag tosnú le leathanach bán, beidh na scríbhneoirí óga a roghnófar ag cleachtadh ceird na scríbhneoireachta ar bhealaí spreagúla chun a nguthannna féin a chothú agus an dráma gur mhaith leo a scríobh thabhairt ar an saol.

Déanfar na scríbhneoirí a chothú agus a threorú chun a nguthanna a fhás agus a fhorbairt thar tréimhse 6 mhí, le ceardlanna míosúla i gCorcaigh. Cruthóídh siad gearrdhrámaí a bheidh léite ar stáiste The Everyman le haisteoirí proifisiúnta i mí Bealtaine 2022.

CÉ atá i gceist?

Tá an deis seo oscailte do dhaoine óga 16-22 bl, bunaithe i gCúige Mumhain, atá dírithe ar ghuth a scríbhneoireachta féin a aimsiú agus a gcuid oibre a fheiceáil ar an stáitse.

We encourage applications from young people who are d/Deaf, neurodiverse, blind/visually impaired or disabled, those from minority ethnic communities and those who feel their voices are not commonly represented in the contemporary world.

Cuirimid fáilte roimh iarratais ó dhaoine óga atá bodhar, dall/lagamhairc, néaréagsúil nó faoi mhíchumas, daoine óga ó mhionlaigh eitneacha, agus iad siúd nach gcloiseann a nguthanna curtha i láthair go rialta sa domhan atá ann inniu.

Cuirimid fáilte roimh scríbhneoirí le Gaeilge páirt a ghlacadh sa togra seo as Gaeilge. Cuirfear tacaíocht agus aistriúcháin ar fáil chun an turas scríbhneoireachta dátheangach le John, Enda agus Katie a éascú. Is féidir samplaí Gaeilge a bheith mar chuid den iarratas. Eolas as Gaeilge ag an nasc seo: https://www.graffiti.ie/news/

An gá dom taithí drámadóireachta a bheith agam cheana?

Ní gá go bhfuil aon taithí agat ag scríobh drámaí cheana. Is gá go bhfuil spéis agus sceitimíní ort faoi bheith ag scríobh do chur i láthair – b’fhéidir gur scríobh tú amhráin cheana, nó filíocht labhartha, ach má tá suim agat triail a bhaint as scríobh don stáitse, ní gá an taithí sin. Tabharfar gach cabhair agus cúnamh don ochtar scríbhneoirí a ghlacfaidh páirt sa chlár chun a gcumas scríbhneoireachta a chothú agus scéalta nua, uaillmhianacha a thabhairt chun saoil do lucht féachana.

Cathain a tharlóidh an Clár?

Beidh 6 cheardlann mhíosúil i gceist, ar siúl in Amharclann Graffiti idir Shamhain 2021 agus Bealtaine 2022, le breis ath-chothú agus treorú ar líne i rith an chláir. Beidh ócáid léiriú ar siúl i rith an chéad dheireadh seachtaine i mI Bealtaine 2022. Beidh dualgas ar na scríbhneoirí óga freastal ar gach ceardlann agus am a dhíriú freisin ar léamh, scríobh agus machnach idir na seisiúin mhíosúla.

Dátaí an Chláir: 

Seo a leanas dátaí na gceardlann ach is féidir go n-athróidh siad (le fógrú):

  • Sathairn 11rn-2in: 20ú Samhain 2021, 11ú Nollaig 2021, 8ú Eanáir 2022, 5ú Feabhra 2022, 2ú Aibreán 2022, 23ú Aibreán 2022, ag Graffiti, An Linn Dubh, Corcaigh
  • Léamh cleachtaithe ar stáitse, The Everyman: deireadh seachtaine 6ú go 8ú Bealtaine 2022 
  • Beidh deis ag na rannpháirtithe freastal ar réimse léirithe amharclainne san Everyman i rith an chláir, agus beidh deis acu freastal ar an Cork Midsummer Festival mar thoscaire i rith Meithimh 2022. 
Young Playwrights Cork Midsummer Festival 2019

Cén costas a bhaineann leis an gClár?

Tá an Clár seo saor in aisce do na rannpháirtithe, buíochas le maoiniú ón gComhairle Ealaíon trí Graffiti agus The Everyman, ó Foras na Gaeilge, agus ó Fighting Words trí Cultúr Éireann. 

Conas cur isteach ar an gClár?

Caithfidh tú a bheith: 

  • Idir 16 agus 22 bliain d’aois 
  • NÍ féidir a bheith ag staidéar drámaíocht/amharclannaíocht/scríbhneaoireacht chruthaitheach ag an tríú leibhéal 
  • Bunaithe i gCuige Mumhain agus ábalta taisteal go Corcaigh do cheardlanna (beidh seisiúin ar líne idir na ceardlanna, agus tá maoiniú teoranta do thaisteal ar fáil ach iarraidh air) 
  • Ar fáil le freastal ar GACH ceardlann ar na dátaí thuas 
  • Abalta am a dhíriú ar léamh, scríobh agus machnamh a dhéanamh idir na seisiúin. 

Cuir isteach go graffitiypp@gmail.com ‘Young Playwrights programme application/Iarratas ar Chlár na nDrámadóirí Óga’ mar ábhar:

  • Do ainm, aois agus sonraí teagmhála (ríomhphost agus uimhir fóin san áireamh) 
  • Litir ghearr (leathanach amháin ar a mhéid) nó físeán (2 nóiméad ar a mhéid) do do chur i láthair agus ag insint dúínn cén fáth ar mhaith leat páirt a ghlacadh sa Chlár seo. Fáite roimh litir/físeáin as Gaeilge nó as Béarla. 
  • Sampla de do chuid scríbhneoireachta, mar shampla radharc ó dhráma, píosa as scéal, filíocht, filíocht labhartha, amhrán) – suas go 500 focal. Fáilte roimh shampla scríbhneoireachta as Gaeilge nó as Béarla.  
  • Deimhniú go mbeidh tú in ann freastal ar na ceardlanna ar na dátaí thuas, agus féidireacht freastal ar na seisiúin ais-chothaithe ar Zoom freisin. 
  • Cuir ar an eolas muid má tá riachtanais ar leith agat chun freastal ar an gClár. 

Tabhair faoi deara: ní bheidh muid in annais-chothú sonrach a chur ar fáil do gach iarratas.

Dátaí Iarratais agus Roghnú: 

  • Sprioclá do na hIarratais: 31ú Deireadh Fómhair, 6in.
  • Fógrófar na rannpháirtithe roghnaithe ar/roimh: 8ú Samhain