An bhfuil tú idir 14 agus 18 bliain d’aois?
Ar mhaith leat triail a bhaint as a bheith mar chuid de ‘Amharclann na nÓg’ as Gaeilge?
Seo deis duit páirt a ghlacadh i gceardlann drámaíochta le Activate Youth Theatre/Graffiti.
Beimid ag obair ar scileanna drámaíochta ar bhealaí spreagúla agus spraoiúla.

Beidh an cheardlann seo á reachtáil ag Activate Youth Theatre/Graffiti Theatre Company, comhlacht lonnaithe i gCorcaigh a bhíonn ag obair le daoine óga trí mheán na n-ealaíon. Bíonn grúpaí rialta againn de dhaoine óga ag freastal ar cheardlanna seachtainiúla de ‘Amharclann na nÓg’, faoi chúram YTI (Youth Theatre Ireland).

Sa cheardlann eisceachtúil seo ar Oíche Chultúir, beidh deis ag grúpa daoine óga le Gaeilge triail a bhaint as bheith mar chuid d’Amharclann na nÓg as Gaeilge. Ceardlann spreagúil, ghníomhach, chruthaitheach a bheidh ann, taobh amuigh sa pháirc bheag taobh thiar de Amharclann Graffiti. Beidh na rannpháirtithe ag imirt cluichí dramaíochta, ag tobchumadh agus ag cleachtadh scileanna drámaíochta le beirt éascaitheoirí.
Spásanna an-teoranta – cur in áirithe roimhré ar bookings@graffiti.ie – ní ghlacfar le daoine gan áirithint!
Cathain: 4.00-5.00 i.n./pm Dé hAoine 17 Meán Fómhair #oíchechultúir
Cén áit: Graffiti Theatre, sa pháirc taobh amuigh (tabhair leat cóta báistí agus masc aghaidhe!)