A Mhúinteoirí! An bhfuil samhlaíocht den scoth ag do rang?
An mbeadh spéis acu scéal urnua a chruthú?
Ceardlanna Fighting Words as Gaeilge do Sheachtain na Gaeilge!
Ba mhaith linn eolas a thabhairt duit maidir le Ceardlanna Fighting Words as Gaeilge a bheidh ar fáil againn i rith Márta 2022, mar cheiliúradh ar Sheachtain na Gaeilge.
Is ceardlann scríbhneoireacht chruthaitheach atá i gceist le Fighting Words, ag tabhairt deis do pháistí (Rang a 2-Rang a 6) a scéal féin a chumadh le chéile mar ghrúpa, la cabhair agus tacaíocht. Cuirtear fáilte roimh smaointe na bpáistí do charachtair, téamaí agus eachtraí agus oibríónn siad le chéile chun scéal úrnua a chumadh. Beidh scéalaí, ealaíóntóir agus eagarthóir (crosta!) ag obair leis na páistí chun an scéal a dhéanamh beo!
Tarlaíonn na ceardlanna seo ar an Máirt, ó 10.00-12.00. Is do rang amháin ag an am atá siad, in Amharclann Graffiti, an Linn Dubh, Corcaigh.*
Níl costas i gceist don cheardlann chruthaitheach seo, ach más féidir, tá deis ann don scoil tabhartas deonach a dhéanamh do Graffiti.
Tapaigh an deis! Tá teoirainn ar na ceardlanna as Gaeilge atá ar fáil – bí i dteagmháil linn chun dáta a chur in áirithe go luath.**
*IS féidir an cheardlann a reachtáil ar líne freisin, nuair is gá. Sa chás sin, is ar Zoom a bheidh an cheardlann agus beidh treoracha ar leith do na múínteoirí.
**Teorainn de cheardlann amháin do scoil amháin, ach beidh liosta feithimh againn freisin.
#SeachtainNaGaeilge